Cibé rud a tharlóidh le Kellie Harrington sna Cluichí Oilimpeacha, beidh Céad Míle Fáilte speisialta aici nuair a thiocfaidh sí abhaile. Tá sí "ag tnúth go mór le go leor cuimhní cinn iontacha" a dhéanamh lena bean chéile Mandy tar éis na gCluichí Oilimpeacha. Agus thug laoch na dornálaíochta spléachadh taobh istigh dá teach nua-athchóirithe (newly renovated), dá lucht leanúna.

Roinn an buaiteoir bonn Óir Oilimpeach sraith gearrthóg laistigh den teach nua-athchóirithe, ag rá gur thóg a dteach go leor ama agus oibre – ach b’fhiú é. Is cinnte gur athraigh an obair chrua an teach go hiomlán, mar is léir ó na hathruithe ar an halla agus ar an mbealach isteach, sna pictiúir anseo. Agus tá gné ar leith ag an doras tosaigh bándearg, le binse taobh amuigh, gné go speisialta do Kellie – bosca litreacha dubh a bhfuil na cúig fháinne Oilimpeach air.

A post shared by Kellie Harrington (@kelly_harrington14) Taobh istigh, chuaigh Kellie agus Mandy le haghaidh éifeacht mhonacrómach (monochrome effect), le tíleanna dubh agus bán agus ballaí agus doirse bána. Roinn Kellie roinnt gearrthóga (clips) ó na hathchóirithe (renovations) freisin, lena n-áirítear pictiúr di féin ag baint an phéint as an mballa lasmuigh chun bloic iontach a nochtadh. Is gné álainn anois na bloic den taobh amuigh de bhaile Kellie agus Mandy.

"Fís a thóg am, fís a dúirt go leor go raibh mé as mo.